Gaelcholáiste Reachrann

Aoichainteoir Jackie Fox agus "Coco's Law"

Guest speaker Jackie Fox and "Coco's Law"
30-Eanáir-25

Ba mhaith linn buíochas ollmhór a ghabháil le Jackie Fox as ucht teacht isteach chuig Gaelcholáiste Reachrann agus a scéal donán, tragóideach a roinnt le bliain a cúig.

D'fhoghlaim siad go leor maidir le cibearbhulaíocht agus na meáin shóisialta.

Táimid seacht mbliana gan Coco i mbliana, agus bhí daltaí bhliain a cúig ag iarraidh eolais nua a d'fhoghlaim siad maidir le "Coco's law" a scaipeadh.

Tháinig an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach Agus Cionta Gaolmhara, 2020 nó "Coco's law", mar a thugtar air freisin, isteach sa bhliain 2021.

"Ach céard go díreach é?"

Is dlí nua é "Coco's law" i gcoinne cibearbhulaíocht ar líne agus na meáin shóisialta .

Faraor, chuir Nicole Fox lámh ina bás féin ar an 18ú Eanáir 2018, de bharr na cibearbhulaíochta.

Fágadh a máthair agus a clann croíbhriste. Rinne a máthair Jackie cinneadh nach dtarlódh scéal Coco riamh arís. Tar éis tamaill fuair sí a mian agus tháinig dlí nua i bhfeidhm. Glaoitear "Coco's law" ar i gcuimhne ar Nicole.

Iarraimid ar dhaltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus comrádaithe cúpla nóiméad a thógáil chun smaoineamh siar ar Coco agus a scéal.

Ean
15 2026
Vaicín do dhaltaí Bhl1
Ean
24 2026
Measúnú Iontrála Bl1 2026/27
07-Ean-2026
6th Year Information Session - CAO and Options
01-Noll-2025
Parents' Committee
20-Samh-2025
Youth Night this Friday, 21st November 2025
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


ddletb
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste Reachrann