Gaeilge
🌿 Bhí croí na tuaithe le feiceáil i nGaelcholáiste Reachrann inniu agus sinn ag fáiltiú roimh Agri Aware agus a bhFeirm Shoghluaiste!
Tháinig Feirmeoir Tom ar cuairt chuig an scoil inniu, in éineacht le cuid dá chuid ainmhithe feirme:
🐐 Gabhar
🐄 Bó
🐖 Dhá mhuc
🐑 Caora & uan
🐔 Sicíní
🦆 Lacha & géanna
📚 Fuair gach rang sa scoil deis bualadh le Feirmeoir Tom agus na hainmhithe, ceisteanna a chur, agus foghlaim faoi:
✅ Riachtanais na n-ainmhithe
✅ Cothú agus táirgeadh bia
✅ Ról na feirmeoireachta i saol inbhuanaithe
✅ Ceangal idir cúrsaí eolaíochta, tíreolaíochta, OSSP agus an fholláine phearsanta
🌱 Ba mhór an deis é seo do dhaltaí i suíomh uirbeach — eispéireas praiticiúil a thug ábhar an churaclaim beo os a gcomhair. D’fhoghlaim siad faoin tábhacht a bhaineann le bia áitiúil, séasúrach, agus an tionchar atá ag roghanna an lae inniu ar thodhchaí an phláinéid.
📸 Tá grianghraif ón lá le feiceáil thíos.
Buíochas ó chroí le Agri Aware agus le Feirmeoir Tom as an cuairt spreagúil agus an teagasc fiúntach.
Béarla
🌿 Today Gaelcholáiste Reachrann welcomed Agri Aware and their Mobile Farm — bringing a taste of rural Ireland right into the school grounds!
Farmer Tom visited us today with a selection of farm animals including:
🐐 A goat
🐄 A cow
🐖 Two pigs
🐑 A sheep and two lambs
🐔 Two chickens
🦆 A duck and two geese
📚 Each class had the chance to meet the animals, ask questions and learn about:
✅ The needs and care of animals
✅ Food production and nutrition
✅ The role of farming in sustainable living
✅ Real-life links to science, geography, SPHE and wellbeing
🌱 This hands-on experience was particularly valuable for our urban-based students — bringing the curriculum to life through meaningful interaction. Students reflected on the importance of seasonal, local food and how daily choices impact the environment.
📸 Photos from the day are available below.
A sincere thank-you to Agri Aware and Farmer Tom for such an inspiring and informative visit.