Gaelcholáiste Reachrann

Bliain na mBuaiteoirí! Bliain Scoth don Spórt i GCR

A Year of Champions An Outstanding Year for Sport in GCR
28-Bealtaine-25
Bliain na mBuaiteoirí! Bliain Scoth don Spórt i GCR

Gaeilge

Bhí ócáid bhródúil againn inniu i nGaelcholáiste Reachrann nuair a bronnadh boinn ar fhoireann Bliain 1 i bPeil Ghaelach agus in Iomáint. Ní hamháin gur ghlac na buachaillí páirt sna comórtais seo, ach bhuaigh siad iad araon - rud fíorspeisialta i saol spóirt na scoile.

Ba bhliain den scoth í i spóirt i mbliana, ní hamháin i measc na mbuachaillí ach ar fud na scoile. Is í an spórt croílár an fhorbartha pearsanta agus fisiciúla a tharlaíonn i nGCR. Cé go mbíonn sé dúshlánach do dhaltaí fanacht siar tar éis am scoile, teacht ar iompair abhaile, agus a gcuid dualgas scoile a dhéanamh, tá sé le feiceáil go soiléir go bhfuil siad tiomanta dá bhfoirne agus dá scoil.

Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na múinteoirí a thugann a gcuid ama chun traenáil, eagrú agus freastal ar chluichí. Is toradh é gach bua ar an dúthracht, an phleanáil agus an tacaíocht sin.

Comhghairdeas speisialta le Maitiú, a roghnaíodh mar Imreoir na Bliana i bPeil Ghaelach, agus le Rhys, Imreoir na Bliana in Iomáint. Tá sárthodhchaí rompu, agus is samplaí iontacha iad dá gcomhscoláirí.

Táimid an-bhródúil astu go léir - GCR Abú!

Béarla

Today we celebrated our 1st Year teams in Gaelic Football and Hurling, as they were awarded their medals after an incredible season. Not only did they participate, but they triumphed - winning both championships.

Sport has thrived in GCR this year, and its value has been clearly seen in student development. Despite the challenges of late buses, evening homework, and packed days, these young athletes consistently showed up, trained hard, and represented their school with pride.

Huge thanks must go to the dedicated teachers who gave their time to organise, train, and support every step of the way.

Special congratulations to Maitiú (Football Player of the Year) and Rhys (Hurling Player of the Year). The future is bright for this exceptional group of players.

We’re incredibly proud of them all - GCR Abú!

Bliain na mBuaiteoirí! Bliain Scoth don Spórt i GCR
No events found
30-Bealt-2025
Green Flag for Water: Huge Success for the Green Committee!
29-Bealt-2025
Visit from the Minister for Education and Youth to Gaelcholáiste Reachrann
28-Bealt-2025
Important school-wide email from the Principal
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


ddletb
Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste Reachrann