Gaeilge
Táimid an-bhródúil as Coiste Glas na scoile a d’éirigh leo an dara Brat Glas a bhaint amach i mbliana, ag díriú ar chaomhnú uisce agus inbhuanaitheacht. Bhí bliain iontach acu, le gníomhaíochtaí éagsúla, feachtais feasachta, agus obair cheannródaíoch ó na hAmbasadóirí Uisce.
Chuaigh toscaireacht ón gcoiste go dtí an searmanas bronnta réigiúnach le déanaí, áit ar ghlac siad leis an mbrat go hoifigiúil agus aitheantas ar leith ar an obair mhór atá déanta acu. Bhí sé le feiceáil arís an tuiscint agus an paisean atá ag daltaí GCR don chomhshaol agus don domhan atá romhainn.
Is léiriú eile é seo ar thiomantas na scoile do mhaireachtáil inbhuanaithe, agus ar an gcaoi a nascann ár scoil foghlaim le gníomh dearfach sa phobal. Táimid ag súil le tuilleadh dul chun cinn amach anseo mar chuid den chlár Green Schools!
💧 Maith sibh, a Choiste Glas, táimid fíor-bhródúil asaibh!
Béarla
We are incredibly proud of our school’s Green Committee, who were recently awarded their second Green Flag, this time focused on the theme of Water Conservation.
A delegation from the committee attended the regional awards ceremony, where they were officially presented with the flag and recognised for their innovative and dedicated work. Throughout the year, the team ran awareness campaigns, action days and educational workshops, guided in part by our trained Water Ambassadors.
This award reflects the school’s deep commitment to sustainability and climate education, and highlights how our students consistently show leadership in shaping a greener future for all.
💧 Well done to our amazing Green Committee, we’re so proud of you!