Gaelcholáiste Reachrann

Cuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste Reachrann

Visit from the Minister for Education and Youth to Gaelcholáiste Reachrann
29-Bealtaine-25
Cuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste Reachrann

Gaeilge

Bhí lá speisialta againn i nGaelcholáiste Reachrann inniu agus muid ag cur fáilte roimh an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD.

Chaith an tAire breis is uair go leith linn sa scoil, in éineacht le hoifigigh ón Roinn Oideachais agus Óige, Teachtaí Dála áitiúla; Naoise Ó Muirí TD, Denise Mitchell TD, Tom Brabazon TD agus Barry Heneghan TD, chomh maith le comhairleoirí contae éagsúla. Bhí Caitríona Murphy, Príomhfheidhmeannach an DDLETB, i láthair freisin lena foireann, agus bhí sé iontach dúinn fáilte a chur roimh Alison Barber, Cathaoirleach ár mBord Bainistíochta.

Ba dheis uathúil í an chuairt an pobal scoile bríomhar atá againn a chur i láthair; ár ndaltaí cumasacha, ár bhfoireann thiomanta, agus na tuismitheoirí a thugann tacaíocht láidir dúinn i gcónaí. Cé nach raibh ceachtanna ar siúl le linn na cuairte, tugadh léargas luachmhar dár gcuairteoirí ar an gcaoi a n-oibrímid mar phobal, agus ar an gcur chuige uathúil atá againn i leith oideachais trí mheán na Gaeilge.

Labhair an tAire le formhór na foirne le linn a cuairte agus léirigh sí fíor-thuiscint agus spéis sna dúshláin agus sna láidreachtaí a bhaineann lenár scoil. Mhol sí meon na ndaltaí agus an misneach a léiríonn ár bpobal ar fad. Tá súil againn go gcabhróidh an cuairt seo lenár gcás a threisiú agus lenár nguth a chloisteáil ar bhealach dearfach.

Gabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a d’oibrigh go ciúin agus go dícheallach le go mbeadh an lá seo indéanta, idir dhaltaí, mhúinteoirí, thuismitheoirí, bhaill an bhoird agus an phobail níos leithne.

Táimid thar a bheith bródúil as an gcaoi ar léirigh gach duine spiorad Ghaelcholáiste Reachrann inniu - croí láidir, comhoibriú, agus dóchas ciúin atá fós beo.

Béarla

Today was a proud day in Gaelcholáiste Reachrann as we welcomed the Minister for Education and Youth, Helen McEntee TD, for an extended visit to the school.

Minister McEntee was accompanied by officials from the Department of Education and Youth, along with local TDs Naoise Ó Muirí, Denise Mitchell, Tom Brabazon, and Barry Heneghan, and several local councillors. We were also pleased to welcome Caitríona Murphy, CEO of the DDLETB, and her team, as well as our Board of Management Chairperson, Alison Barber.

While no teaching and learning sessions took place during the visit, the Minister and her colleagues had the opportunity to experience something just as important, the strong spirit of our school community. The commitment of our staff, the energy and confidence of our students, and the support of our parent body were all clearly evident.

Minister McEntee engaged with almost all of our staff members and met with a number of student representatives from the Student Council during her time here and was open, generous with her time, and genuinely willing to listen. There was a strong sense that our community and its collective voice were being heard in a respectful and constructive way. We hope that this visit helps further our case and highlights the deep need for long-term support for our school.

We want to sincerely thank everyone who worked diligently, persistently, and generously to help make today possible, especially the students, their parents and local & national representatives. Today reminded us that, even in challenging circumstances, the heart of a school lies in the people who walk its corridors, learn at its desks, play on its teams, teach in its classrooms, and build community beyond its walls.

We are very proud of the way in which every single person showed the Gaelcholáiste Reachrann spirit today - with heart, cooperation and a quiet hope that is still alive.

Cuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste ReachrannCuairt an Aire Oideachais agus Óige ar Ghaelcholáiste Reachrann
No events found
30-Bealt-2025
Green Flag for Water: Huge Success for the Green Committee!
28-Bealt-2025
Important school-wide email from the Principal
28-Bealt-2025
Darkness Into Light - Thank You!
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


ddletb
Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste Reachrann