📢 Is fógra é seo ón gCoiste Glas.💚
Míle buíochas gach duine atá ag déanamh iarrachta agus ag tacú linn don tseachtain ghlas. Tá na buaiteoirí againn óna comórtais a ritheamar i rith na seachtaine ghlas. An chéad chomórtas ná an rang leis an méid is mó buidéil athúsáide.
3️⃣ Sa tríú háit tá 6B le 74% den rang ag baint úsáide as buidéil athúsáide.
2️⃣ Sa dara háit tá 4 Fia le 77%.
1️⃣ Sa chéad áit tá 3A le 90%.
An dara comórtas a ritheamar ná na seomraí is fearr ag baint úsáide as na boscaí bruscair cearta.
🏆Na buaiteoirí ná Seomra 27, Seomra 29 agus Seomra 20.
Beidh cóisir bheag ag na buaiteoirí go léir sa rang T-Cur an tseachtain seo chugainn. Lean libh go léir leis an athchúrsáil.
♻️Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.