Gaeilge
🌍 Bhí Gaelcholáiste Reachrann thar a bheith bródúil páirt a ghlacadh i Muintearas '25 — Ceiliúradh ar Ionchuimsiú i scoileanna lán-Ghaeilge na BOO, ar siúl in Óstán an Radisson i mBaile Átha Luain.
⭐ Ba é an ócáid seo ardán chun éagsúlacht agus ionchuimsiú a cheiliúradh, le scoláirí agus múinteoirí ó scoileanna eile ag roinnt dea-chleachtais agus ag spreagadh comhoibrithe.
🎤 Rinne ár gcaptaein Ghaeilge — Jozef Ó C, Rosemarie Ní G agus Méabh Ní T — cur i láthair den scoth ar ár bhfeachtas “Béal na Gael” (BnaG).
Is tionscnamh scoile é Béal na Gael chun Gaeilge nádúrtha, shaibhir agus chruinn a spreagadh i ngach idirghníomhú laethúil, ag cur stop le Béarlachas agus ag spreagadh úsáid fhéinmhuiníneach na Gaeilge sa saol sóisialta chomh maith leis an seomra ranga.
📚 Bhí áthas orainn ár dtiomantas don teanga agus don ionchuimsiú a roinnt le pobail eile, agus is mór an inspioráid iad na scoláirí seo dár scoil féin.
💚 Buíochas le ETBI agus COGG as an deis seo a thabhairt dúinn le linn #SeachtainBOO — ag cothú comhrá, ag spreagadh athrú agus ag ceiliúradh féiniúlacht.
Béarla
🌍 Gaelcholáiste Reachrann was honoured to participate in Muintearas '25 — A Celebration of Inclusion in Irish-medium ETB schools, held in the Radisson Hotel, Athlone.
⭐ The event provided a platform for students and teachers from across the country to come together, share best practices, and promote inclusive education and cultural identity.
🎤 Our Irish captains — Jozef O C, Rosemarie Ní G, and Méabh Ní T — proudly presented our “Béal na Gael” (BnaG) initiative.
Béal na Gael is our school’s campaign to encourage the use of rich, natural Irish in daily interactions, moving away from pigeon Irish or Béarlachas, and building students’ confidence to use Irish both socially and academically.
📚 We were delighted to showcase our commitment to language and inclusion with other schools, and our students inspired all with their leadership and passion.
💚 Our sincere thanks to ETBI and COGG for this wonderful opportunity during #ETBWeek — fostering conversations, inspiring change, and celebrating identity.
