Gaelcholáiste Reachrann

Lá Lus an Chromchinn i nGaelcholáiste Reachrann: Aoine, 28 Márta

Daffodil Day Coffee Morning at Gaelcholáiste Reachrann: Friday, March 28th
22-Márta-25
Lá Lus an Chromchinn i nGaelcholáiste Reachrann – Aoine, 28 Márta

Gaeilge

🌼 Bígí linn do Lá Lus an Chromchinn! 🌼

Beidh Caifé an Phobail ar siúl i nGaelcholáiste Reachrann ar son Chumann Ailse na hÉireann. Is deis álainn é seo don phobal teacht le chéile chun airgead a bhailiú le haghaidh cúis atá gar do chroí gach duine.

📅 Aoine, 28 Márta
🕚 11:30 – 12:45
📍 Seomra Ilfheidhmeach

Beidh ceol beo, craic agus cácaí blasta le fáil — agus fáilte mhór roimh thuismitheoirí, seanthuismitheoirí, iardhaltaí agus gach ball den phobal scoile.

Céard é Lá Lus an Chromchinn?

Is lá speisialta é Lá Lus an Chromchinn inar thagann daoine le chéile chun airgead agus feasacht a ardú ar son Chumann Ailse na hÉireann. Déanann an Cumann obair ríthábhachtach le tacaíocht a thabhairt d’othair ailse agus lena dteaghlaigh, chomh maith le maoiniú a sholáthar do thaighde tábhachtach.

💛 Tá gach síntiús tábhachtach agus ciallaíonn sé go bhfuilimid ag tacú leis an troid i gcoinne ailse.

➡️ Is féidir leat tacaíocht a thabhairt ar líne anseo:
https://fundraise.cancer.ie/fundraisers/gaelcholistereachrann

🌼 Go raibh maith agaibh as bhur dtacaíocht i gcónaí. GCR Abú!

Béarla

🌼 Join us for our Daffodil Day Coffee Morning! 🌼

Our school community will host a coffee morning in aid of the Irish Cancer Society. This is a wonderful opportunity for the whole community to come together and raise funds for a cause close to all our hearts.

📅 Friday, March 28th
🕚 11:30 – 12:45
📍 Multi-purpose room

There will be live music, great company, and delicious cake! Parents, grandparents, past pupils, and all members of our school community are warmly invited.

What is Daffodil Day?

Daffodil Day is a special annual event where people across Ireland raise funds and awareness for the Irish Cancer Society. The Society provides vital support to cancer patients and their families, while also funding groundbreaking cancer research.

💛 Every donation helps and makes a difference in the fight against cancer.

➡️ You can support our fundraiser online here:
https://fundraise.cancer.ie/fundraisers/gaelcholistereachrann

🌼 Thank you for your continued support. GCR Abú!

Ean
15 2026
Vaicín do dhaltaí Bhl1
Ean
24 2026
Measúnú Iontrála Bl1 2026/27
07-Ean-2026
6th Year Information Session - CAO and Options
01-Noll-2025
Parents' Committee
20-Samh-2025
Youth Night this Friday, 21st November 2025
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


ddletb
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste Reachrann