Gaeilge
A thuismitheoirí agus a chaomhnóirí,
Tá cód QR ar an bpóstaer atá ceangailte leis seo, áit ar féidir leat teacht ar shonraí faoi imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre ar an Aoine seo ag teacht, 21 Samhain. Ar Oíche na hÓige beidh na céadta clubanna óige agus seirbhísí ag oscailt a gcuid doirse chun ceiliúradh a dhéanamh ar a gcuid ball, agus ar a n-oibrithe óige agus a n-oibrithe deonacha agus chun cur le feasacht ar obair óige i do phobal. Molann an Roinn Oideachais agus Óige do gach duine eolas a chur ar a bhfuil ar siúl ina gceantar féin agus páirt a ghlacadh ann.
Tá tuilleadh eolais ar fáil freisin ar gov.ie/oíchenahóige
Tugann an Roinn Oideachais agus Óige cuireadh duit eolas a roinnt faoi Oíche na hÓige /Youth Night a bheidh ar siúil ar an Aoine seo ag teacht, 21 Samhain.
Táimid ag cur an fhoireann agus na tuismitheoirí ar an eolas faoin tionscnamh de chuid na roinne a bheidh ar siúl ar fud na tíre le súil go dtacóidh siad lena n-imeacht óige áitiúil agus go dtabharfaidh siad cuairt air tráthnóna Dé hAoine chun taitneamh a bhaint as roinnt imeachtaí spraíúla. Tá liosta d’imeachtaí áitiúla le fáil ar an suíomh gréasái gov.ie/oíchenahóige. Chun cuidiú leis sin, tá roinnt téacs ar féidir é a roinnt ar whatsapp nó ar ríomhphost ag deireadh an ríomhphoist seo. Tá póstaeir ceangailte le haghaidh eolais.
Cad is Oíche na hÓige ann?
Tionscnamh nua píolótach is ea Oíche na hÓige, a sholáthraítear i gcomhpháirtíocht leis na Boird Oideachais agus Oiliúna, Comhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn agus earnáil na hoibre óige. Tá sé mar chuspóir aige aird a tharraingt ar an réimse leathan d’obair óige atá ar siúl go háitiúil do dhaoine óga atá idir 10 agus 24 bliain d’aois nó mar sin.
Ar Oíche na hÓige, osclóidh breis agus 350 club óige agus seirbhís ar fud na tíre a gcuid doirse chun a ndaoine óga, a n-oibrithe óige agus an n-oibrithe deonacha a cheiliúradh agus chun an luach a bhaineann leis an obair óige don phobal i gcoitinne a chur ar taispeáint. Tugtar cuireadh do gach pobal scoile a bheith páirteach sa tráthnóna spraoi agus ceiliúrtha, lena n-áirítear foireann na scoile, tuismitheoirí/caomhnóirí.
Maidir le hObair Óige
San áireamh in obair óige tá gníomhaíochtaí sóisialta, cultúrtha agus folláine, rannpháirtíocht shibhialta, oibriú go deonach, gasógaíocht, tionscadail um ghníomhú ar son na haeráide, meantóireacht agus for-rochtain. Tugann na seirbhísí sin—atá á dtreorú ag oibrithe deonacha agus ag oibrithe óige gairmiúla—spásanna sábháilte do dhaoine óga chun bualadh le chéile, scileanna nua a fhoghlaim chomh maith le muinín agus ceannaireacht a fhorbairt.
Aimsigh imeachtaí a bheidh ar siúl i do phobal féin: gov.ie/oíchenahóige
Béarla
Dear parents and guardians,
The attached poster about Oíche na hÓige/Youth Night 2025 includes a QR code where you can find details of events happening across the country this Friday 21 November.
Oíche na hÓige will see hundreds of youth clubs and services open their doors to celebrate their members, and their youth workers and volunteers, and to build awareness of youth work in your community. The Department of Education and Youth encourages everyone to find out what’s happening in their area and join in.
More information is also available on gov.ie/youthnight
This is a nationwide initiative from the department in the hope that people will support their local youth event and visit it on Friday evening to enjoy some fun activities. Local event listings are available on the website gov.ie/youthnight.
What is Oíche na hÓige?
Oíche na hÓige is a new pilot initiative delivered in partnership with education and training boards, the National Youth Council of Ireland, and the youth work sector. Its aim is to highlight the wide range of youth work happening locally for young people aged roughly 10 to 24.
On Oíche na hÓige, over 350 youth clubs and services nationwide will open their doors to celebrate their young people, youth workers and volunteers, and to showcase the value of youth work to the wider community. Every school community is invited to join in the evening of fun and celebration including school staff, parents/guardians.
About Youth Work
Youth work includes social, creative, cultural and well-being activities, civic engagement, volunteering, scouting and guiding, climate action projects, mentoring, and outreach. These services—led by volunteers and professional youth workers—give young people safe spaces to socialise, learn new skills and develop confidence and leadership.