Gaelcholáiste Reachrann

Postáil buíochais: Foireann na gCailíní f16

Thank you post: U16s Girls' Team
11-Márta-23

Bhí cluiche an-deacair ag an fhoireann faoi 16 le déanaí i gcoinne Pobalscoil Íosa, Mullach Íde sa Leathchraobh Baile Átha Cliath. Ní ár lá a bhí ann, bhí an bua tuillte ag Mullach Íde agus go n-éirí leo sa Chraobh.

Chuir na cailíní iarracht den scoth isteach don chluiche ar fad. Cé go raibh an fhoireann síos ar clár an scór, níor stop siad go dtí deireadh an cluiche, ag léiriú Spiorad GCR go dtí an fheadóg deireanach. Ní raibh aon amhras ar aon duine ar an bpainéal go raibh Beth ó Bhl 3 Laoch na hImeartha - bhí sí i ngach aon áit inniu agus thiomáin sí an fhoireann chun tosaigh nuair a bhí sé de dhíth.

Ba mhaith le hOide Micheál a bhuíochas a ghabháil leis an fhoireann seo as an méid iarracht a chuir siad isteach ó Mhí Meán Fómhair ar aghaidh. Is grúpa peileadóirí speisialta iad agus táimid cinnte go mbeidh lá eile ag an bPaorach! Maith sibh 🏐

Már
23 2023
Cruinniú dul chun cinn Bl4 // 4th Year Student Progress Meeting
Már
31 2023
Saoire na Cásca / Easter Break
Follow us
11-Már-2023
Match Report: Bl1 Boys
01-Már-2023
Junior Cycle Profile of Achievement - Important information
01-Már-2023
4th Year Subject choice - important date
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


Suíomh / Location
© 2023 Gaelcholáiste Reachrann