Gaeilge
Bhíomar ag ceiliúradh Seachtain Ghníomhach le déanaí anseo i nGCR, agus bhí an tseachtain lán le fuinneamh, spórt agus spiorad comhoibríoch ó scoláirí agus foireann na scoile!
D’eagraigh an scoil réimse leathan imeachtaí a spreag gníomhaíocht fhisiciúil agus dea-shláinte i measc an phobail ar fad. Bhí dúshlán rothaíochta ar siúl i rith na seachtaine, ag spreagadh daltaí agus foireann gan síobanna a ghlacadh ar scoil. Bhí atmaisféar bríomhar i rith an lae le comórtais sacair agus eitpheile ag am lóin, agus bhain gach duine sult as an gcluiche ‘Splat’ uile scoile a reáchtáladh le linn na tionóile ar an Máirt.
Ar an Déardaoin, chuaigh gach bliain ar thuras gníomhach, lena n-áirítear siúlóidí, dreapadóireacht, spóirt uisce agus eachtraí faoin aer. Bhí cluichí corr agus siúlóidí ar siúl freisin i ranganna Corpoideachais agus Teagasc Creideamh.
Chríochnaigh an tseachtain le hócáid speisialta agus bríomhar... an Siúlóid Dhorchadas isteach go Solas ar maidin Aoine, ar mhaithe le Pieta House. Ba dheis é seo le machnamh a dhéanamh, le haird a dhíriú ar fholláine mheabhrach agus le tacaíocht phraiticiúil a thabhairt do charthanas náisiúnta atá ag obair gan staonadh.
Táimid thar a bheith bródúil as gach dalta a ghlac páirt, as na múinteoirí a d’eagraigh agus a mhaoirsigh na himeachtaí, agus go háirithe as na hiarrachtaí a dhéantar go ciúin i gcónaí: na daltaí a fhanann siar tar éis scoile le haghaidh traenála, nó a thaistealaíonn abhaile níos déanaí tar éis cluichí. Ní féidir Seachtain Ghníomhach a éirí chomh maith gan tiomantas agus comhoibriú, agus léirigh pobal GCR na tréithe sin go soiléir.
Béarla
We recently celebrated Active Week here in GCR, and it was a huge success thanks to the energy, positivity and collaboration of both students and staff!
Throughout the week, a wide range of events promoted physical activity and wellbeing across the school. We kicked things off with a cycling challenge, encouraging students and staff to avoid lifts to school and choose more active modes of transport. Lunchtimes came alive with soccer and volleyball tournaments, and the entire school joined in a lively game of ‘Splat’ during assembly on Tuesday.
On Thursday, each year group took part in active school tours, including walking trails, climbing, watersports and outdoor adventures. Rounders and walks also took place during PE and Religious Education classes.
The week culminated in a powerful and reflective event... the Darkness into Light Walk on Friday morning, raising vital funds for Pieta House. It was a moment to come together as a community and support mental health awareness in a meaningful way.
We are so proud of our students, who took part enthusiastically all week, and our teachers, who organised, supervised and supported each event. We especially recognise the quieter efforts, the students who stay after school for training, or take the long way home after matches. These are the moments that build resilience and community spirit.
Active Week was a celebration of wellbeing, movement and togetherness, and GCR rose to the occasion.