Gaeilge
Tá Seachtain na Gaeilge 2025 ag druidim linn agus tá clár lán d’imeachtaí beartaithe againn don chéad seachtain!
I rith na seachtaine, beidh:
✅ Comórtais spraíúla mar Béal na Gael
✅ Céilithe bríomhara
✅ Cluichí Gaelacha ar pháirc na scoile
✅ Taispeántais scannán Gaeilge
✅ Scéalaíocht & ceardlanna cultúrtha
✅ Comórtais le Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna eile timpeall Bhaile Átha Cliath
Is deis ar leith í Seachtain na Gaeilge chun béim a chur ar na buntáistí a bhaineann le bheith líofa sa Ghaeilge, agus chun ár dteanga a cheiliúradh i spiorad an phobail. Cé go mbíonn an Ghaeilge le cloisteáil i gcónaí sa scoil, tugann SNAG an deis dúinn an Ghaeilge a chur i lár an stáitse agus taitneamh a bhaint as imeachtaí éagsúla a threisíonn ár gcultúr.
Tá féilire iomlán na seachtaine ar fáil anois ANSEO.
Béarla
Seachtain na Gaeilge 2025 is on the way, and we have a fantastic line-up of events planned for the first week!
Throughout the week, students will enjoy:
✅ Fun competitions like Béal na Gael
✅ Energetic céilís
✅ Gaelic sports on the school pitch
✅ Screenings of Irish language films
✅ Storytelling and cultural workshops
✅ Joint events with other Gaelcholáistí and Gaelscoileanna across Dublin
Seachtain na Gaeilge is a chance to put an extra focus on the benefits of speaking Irish and to celebrate our language and culture. While Irish is part of everyday life at our school, SNAG gives us the perfect opportunity to showcase it on a bigger stage.
The full calendar of events is now available HERE.