Gaelcholáiste Reachrann

Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1

Match report: Bl1 Boys
19-Eanáir-23
Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1

Gaelcholáiste Reachrann 🆚 St. David's CBS

8-5 go 0-1


Bhí cluiche den scoth ag na buachaillí Bhliain 1 GCR inniu, ina gcéad babhta sa Chorn Tom Quinlan vs St. David’s CBS. Le gaoth láidir ar a ndroim sa chéad leath, chuir siad scór 8-5 go 0-1 suas, bhí an cluiche níos crua sa dara leath agus tháinig St. David’s ar ais, ach bhí an damáiste déanta sa chéad leath. Bhuaigh GCR ar scór 9-11 go 1-7.

Bhí breithlá le cuimhne ag Seán De B, ba chaptaen den fhoireann é agus scór sé 2-0 ón imirt. Bhí Cillian Ó R cumhachtach i lár na páirce, scór sé 3-1 agus shocraigh sé a lán scór eile. Bhí tionchar mór ag Páraic Ó C ar an gcluiche agus bhí sé i ngach aon áit ar an bpáirc, chríochnaigh sé an lá le 2-5. D’oibrigh Ewan agus Conall crua don chluiche ar fad agus fuair siad cúilín tuillte dá n-obair. Thosaigh Bhíléigh go tapa agus fuair sé 1-2 ón imirt (1-1 sa chéad 10 nóiméad).

Focal speisialta le haghaidh Donncha Ó G gur imir a chéad chluiche mar chúl báire inniu, bhí a chiceanna amach ar fheabhas. Bhí na cosantóirí GCR thar barr inniu chomh maith, níor thug siad aon spás dá gcéilí comhraic agus fuair Senan Ó R suas ó lánchosaint chun cúilín álainn a chuir thar an trasnán.

Sin ráite ar fad, bhí buachaill amháin gur thiomáin an fhoireann chun tosaigh inniu, ag imirt leathchúlaí láir, bhí smacht ar an gcluiche aige an t-am ar fad, chlúdaigh sé gach píosa féar ar an bpáirc, léirigh sé spiorad GCR agus tá Laoch na hImeartha lántuillte ag Conor Mac A.

Maith sibh Bliain 1 - Tús maith leath na hoibre!

GCR Abú!!!!!!

Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1
Ean
23 2025
Cruinniú dul chun cinn Bl1; Scoil ag críochnú ag 15:05
Follow us
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste Reachrann