Gaelcholáiste Reachrann

Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1

Match report: Bl1 Boys
31-Eanáir-23
Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1

Gaelcholáiste Reachrann 🆚 Pobalscoil Soird

9-8 go 4-3

Bhí bua den scoth ag foireann peile na mbuachaillí Bhliain 1 ar 30/01/23 i gcoinne Pobalscoil Soird ar scór 9-8 go 4-3. Ach, ní insíonn an scór deireadh an scéal iomlán. Cluiche an-chrua a bhí ann. Thosaigh GCR go tapa le 3 cúl luath sa chéad 10 nóiméad ó Páraic, Cillian agus Conall. Áfach, tháinig Sord ar ais sa chluiche agus bhí an lámh in uachtar acu le tamaill fhada sa chéad leath.

Ba chomhscór é le cúpla nóiméad fágtha sa chéad leath ach níor éirigh na buachaillí GCR as. Lean siad ag obair go dian agus le dhá phointe ó Cillian Ó R ó lár na páirce, sárthaispeántas ó Eoghan Ó M ag imirt leáchosaint agus cúl den scoth ó Ewan, bhí GCR suas ag leath ama le cúpla phointe.

Ag leath ama, bhí ceardlann bheag ag an bhfoireann leis an gclár teaictic ionas go raibh gach duine soiléir ar a bpost sa dara leath. Rinneadh cúpla ionadaí agus ní raibh Sord in ann fanacht linn. Bhí Baileigh ag cruthú fadhbanna don líne lánchosaint Sord lena chuid gluaiseacht leis agus gan an liathróid agus scór sé chúl agus pointe ón imirt. Tháinig Naoise isteach mar ionadaí ag leath ama agus fuair sé 1-2 ón imirt, tháinig Troy isteach ag an am céanna agus fuair sé 1-2 chomh maith - sárionadaithe!!

Thug na cosantóirí sárthaispeántas inniu, ach go háirithe Rian, Senan Ó R (captaen ar an lá) agus Tadhg Ó B. Tháinig Jamie chun na páirce sa dara leath agus d’imir sé lánchosaint agus ghlan sé liathróid amach chun an taobh líne nuair a bhí ár gcúl i mbaol ar nós Sergio Ramos (dár leis féin)! Bhí Conor ar fheabhas arís mar uimhir a sé agus fuair sé pointe álainn sa dara leath.

Tar éis an chluiche inniu, bhuaigh GCR an grúpa agus rachaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Gaelcholáiste Reachrann Abú!!!

GCR: Donncha, Darragh, Senan Ó R, Rian, Tadhg Ó B, Conor, Freddy, Cillian, Páraic, Jack, Senan Ó C, Conall, Ewan, Baileigh, Tadhg Ó C, Devon, Eoghan, Aaron, Jamie, Troy, Senan Ó C, Naoise.

Scórálaí: Cillian 2-2, Páraic 2-0, Naoise 1-2, Troy 1-2, Baileigh 1-1, Ewan 1-0, Conall 1-0 & Conor 0-1.

Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1
Aib
30 2025
Dráma na hIdirbhliana - Draoi Oz
09-Aib-2025
GCR supporting ALTITUDE - the National Charter for Universal Design in Tertiary Education.
07-Aib-2025
Agri Aware’s Mobile Farm Visits GCR – A Day of Learning, Sustainability & Nature Connection
07-Aib-2025
Thank You to Incoming 1st Year Parents
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


ddletb
Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste Reachrann