Gaelcholáiste Reachrann

Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1

Match Report: Bl1 Boys
11-Márta-23
Tuairisc cluiche: Buachaillí Bl1

Bhuaigh foireann peile Ghaelach Bliain 1 inniu i gcoinne Coláiste Chiaráin ó Léim an Bhradáin ar scór 4-15 go 1-1 ina gcluiche leathcheannais.

Thosaigh na buachaillí GCR an cluiche go tapa le trí chúl taobh istigh an céad 10 nóiméad ó Senan Ó Ce. Bhí cúpla imreoir dainséarach ag an scoil eile ach bhí Séan De B ar barr a chluiche inniu agus níor éirigh leis an fhoireann eile aon rud a fháil uaidh. Bhí Senan Ó R ar fheabhas lán cosaint, stop sé gach uile sheans a bhí ag an fhoireann eile sa chéad leath - bhí trí bhloc faighte aige sa chéad 15 nóiméad. Bhí sárcluiche ag Devon ag imirt mar cosantóir cúinne, bhuaigh sé gach liathróid go ndeachaigh isteach. Bhí cluichí den scoth ag Darragh, Rian agus captaen ar an lá Tadhg Ó B sa chosantóirí. Bhí péire lámha sábháilte ag Donncha sa chúl inniu agus ciceanna amach den scoth!

I lár na páirce, bhí smacht ag Cillian agus Conor ar an gcluiche an t-am ar fad agus fuair siad cúpla pointe deas. Fuair Pádaig Ó H pointe deas ina chéad chluiche do GCR - bhí sé ar ais ó ghortú an tseachtain seo agus bhí sárcluiche aige. Bhí Páraic Ó C “Máistir Seasmhach - Mr. Consistent” mar is gnáth agus chríochnaigh sé an cluiche le 4 pointe. Bhí Baileigh dainséarach chomh maith agus chríochnaigh sé an lá le 3 pointe. Bhí Naoise ag taispeáint don liathróid an t-am ar fad agus chruthaigh sé a lán scór lena chuid gluaiseacht, fuair sé pointe dó féin ar deireadh chomh maith.

Laoch na hImeartha inniu ná Senan Ó Ce gan amhras, bhí sé dainséarach gach uair a fuair sé an liathróid - ní raibh na cosantóirí ón scoil eile in ann déileáil leis ar chor ar bith. Bhí 3 cúl faighte aige sa chéad deich nóiméad ach níor stop sé ansin, chríochnaigh sé an lá le 4-3 ón imirt. Cad é mar Pheileadóir!!

Comhghairdeas a bhuachaillí, tabhair abhaile an Corn!! GCR Abú!!!

Foireann: Donncha, Darragh, Senan Ó R, Devon, Tadhg, Seán, Rian, Cillian, Conor, Pádraig, Páraic, Baileigh, Conall, Naoise, Senan Ó Ce, Ewan, Aaron, Tadhg Ó C, Jack, Jamie, Cónán.

Scórálaí: Senan Ó Ce 4-3, Páraic 0-4, Baileigh 0-3 (0-1 cic saor), Cillian 0-2, Naoise 0-1, Pádraig 0-1, Conor 0-1.

Aib
30 2025
Dráma na hIdirbhliana - Draoi Oz
09-Aib-2025
GCR supporting ALTITUDE - the National Charter for Universal Design in Tertiary Education.
07-Aib-2025
Agri Aware’s Mobile Farm Visits GCR – A Day of Learning, Sustainability & Nature Connection
07-Aib-2025
Thank You to Incoming 1st Year Parents
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


ddletb
Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste Reachrann