Cé go raibh an scoil dúnta inniu - bhailigh ár bhfoireann shinsearach le chéile agus bhí bua den scoth acu sa chluiche leath ceannais BÁC i gcoinne St. Mac Dara’s CC ar scór 4-9 go 1-6. Thosaigh an cluiche go mall agus bhí ar na buachaillí a bheith foighneach dá scóir sa chéad leath. Bhíodar foighneach, d’oibrigh siad amach tactaicí an scoil eile agus d’úsáid siad an liathróid go cliste. Bhí cosantóirí GCR ar barr a gcluiche inniu, ach go háirithe an líne lánchosaint Cillian, Cormac & Cathal gur dhún síos aon seans a bhí ag an scoil eile. Bhí Jonny ar fheabhas ina chéad chluiche ar ais ag imirt Peile le tamaill fhada.
Bhí an lámh in uachtar ag GCR ag leath ama, le scór 6 pointe go 2 tar éis pointí álainn ó Dan, Senan, Tadg agus Dara. Tháinig SMD’s amach go tapa sa dara leath agus dhún siad an bhearna síos go dtí pointe amháin. D’aimsigh na buachaillí cúpla giar eile ansin agus ní raibh aon stopadh leo. Bhí an cluiche faoi smacht ag captaen na foirne Stiofán i lár na páirce agus fuair sé a céad phointe i mbliana - bíonn sé an cruthaitheoir de scóir de ghnáth. Táir éis cúl deas ó Tadg, d’oscail an cluiche níos mó. Bhí Senan ar thine inniu agus fuair sé cúl dochreidte aonarach. Cuir Dan an liathróid san aingeach go luath chun an comórtas idir é féin Senan agus Tadg do ‘scórálaí is airde’ a choinneáil beo. Chríochanaigh Gavin cúl deas tar éis imirt thapa cliste. Bhí tuilleadh dráma nuair a thug an réiteoir cic pionós do SMD ach seas ár gcúl báire Cian suas go hard agus shábháil sé an cic pionós.
Téann an fhoireann ar aghaidh go dtí an chraobh BÁC anois. Maith sibh a bhuachaillí.
Scórálaí: Senan 1-3, Dan 1-2, Tadg 1-2, Gavin 1-0, Dara 0-1, Stiofán 0-1.
Laochra na himeartha: Senan, Stiofán & Cormac.