Bhí bua den céad scoth ag foireann Peil Ghaelach na gcailíní sinsearach inniu tar éis am breise. Ba é an tástáil is mó a bhí ag an fhoireann i mbliana agus d’éirigh go geal leo. Bhí teannas ón tús sa chluiche seo agus bhí an dá foireann ag roinnt scóranna lena céile. Ag leath am i gnáth am, bhíomar point síos ach bhí a fhios ag na cailíní go raibh an ceann is fearr ar SC acu má lean siad ar aghaidh leis an obair crua. Sa dara leath, bhí SC ag tarraingt uainn ar feadh tamaill ach ní raibheamar críochnaithe. Scór captaen na foirne Eve 3 cúl chun muid a choinneáil sa chluiche. Bhí na cosainteoirí ar fad ar fheabhas inniu (Grace, Meadbh, Sinead, Sophie, Eimear, Kate, Vanessa & Hannah), chuir siad tacláil crua isteach, fuair siad blocanna agus dhún siad na tosaíthe SC. Shábháil Emily ó Bl 2 cic pionós agus shábháil sí go leor seans ar cúl chomh maith agus bhí Laoch na hImeartha lán tuillte aici. Bhí chomh scór ag deireadh an cluiche agus chuaigh sé go dtí am breise. Ag leath ama in am breise, comhscór a bhí ann freisin. Lean na cailíní leis an plean agus nuair a chuaigh siad 2 pointe síos in am breise, níor stop siad. Thiomáin Beth, Eve agus Anna chun tosaigh, fuair siad an liathróid go dtí Sadhbh Ní M agus chuir sí san aingeach é le ceann de na críoch is fearr go bhfaca Oide Micheál riamh (Top Bin) chun muid a chur pointe amháin suas. Bhuaigh na cailíní an céad cic amach eile agus choimeád siad an liathróid chun a chluiche a fheiceáil amach. Má tá dráma na hIdirbliana chomh dramatúil is a bhí an cluiche seo, beidh muid ar muin na muice.
Scórálaí: Eve 3-0, Sadhbh 1-0, Aisling 0-3, Martha 0-1, Grace 0-1, Sorcha 0-1, Beth 0-1.
Laoch na hImeartha: Emily