Fraincis / French
Is é aidhm na sonraíochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha agus lena thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha3 dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.
Le bheith níos sonraíche spreagann sí an scoláire:
- páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga lena bhforbraítear an cumas chun an teanga scríofa agus an teanga labhartha a thuiscint
- cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus go muiníneach sa sprioctheanga i gcomhthéacsanna coitianta trí mheáin éagsúla
- forbairt a dhéanamh ar a chumas chun struchtúir chuí agus stór focal cuí a úsáid chun críche cumarsáide, idir chumarsáid i scríbhinn agus chumarsáid ó bhéal
- taitneamh a bhaint as taithí foghlama teanga a thabharfaidh cabhair agus spreagadh dó leanúint ar aghaidh ag foghlaim teangacha sa todhchaí
- bheith athmhachnamhach agus neamhspleách ina fhoghlaim teanga agus páirt ghníomhach a ghlacadh i monatóireacht agus i measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta aige
- léirthuiscint a ghnóthú dá chultúr féin agus do chultúir eile
- forbairt a dhéanamh ar scileanna is féidir a chur i bhfeidhm maidir le réimsí eile staidéir agus saoil.
The Specification for Junior Cycle Modern Foreign Languages aims to develop communicative language skills broadly aligned with the A band (A1 to A2, basic user) of the Common European Framework of Reference for Languages (CEFR) and its descriptors. It also aims to enable students to explore the interdependence between language and culture, to develop their appreciation of the relevance of languages to their lives for personal, social, educational, vocational and leisure purposes, and to derive enjoyment from language learning.
More specifically it encourages all students to
- actively engage in language activities and tasks, developing the capacity to understand written and spoken language
- communicate effectively and confidently in the target language in familiar contexts through a range of media
- develop their capacity to use appropriate structures and vocabulary for the purposes of communication, both written and oral
- enjoy a language-learning experience that will facilitate and encourage them to continue learning languages in future
- be reflective and autonomous in their language learning, and become actively involved in monitoring and assessing their progress
- appreciate their own and other cultures
- develop skills that they can apply to other areas of study and to their lives
Comórtas / Competition
Freagair na ceisteanna ar Kahoot thíos agus d’fhéadfá duais a bhuachan:
Answer the questions on Kahoot below and you could win a prize:
Gailearaí / Gallery