Gaeilge / Irish
Trí shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí forbraíonn, daingníonn agus leathnaíonn an scoláire a thuiscint ar an nGaeilge. Cuirtear ar chumas an scoláire cumarsáid éifeachtach, idirghníomhach, mhuiníneach a dhéanamh i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla an phobail teanga. Cuirtear béim ar chothú agus ar fhorbairt na feasachta: an fheasacht teanga, an fheasacht chultúrtha mar aon le féinfheasacht an scoláire mar fhoghlaimeoir teanga. Féachtar chun na scileanna a thugann an scoláire leis go dtí an iar-bhunscoil a bhuanú agus a fhorbairt. Cuirtear ar chumas an scoláire úinéireacht a ghlacadh ar a fhoghlaim féin, cumas a sheasfaidh leis sa saol.
Spreagtar an scoláire chun:
- teanga a úsáid go héifeachtach, muiníneach, i gcomhthéacs phearsanta agus i gcumarsáid le húsáideoirí eile sa phobal teanga
- an Ghaeilge a úsáid i réimsí éagsúla an phobail teanga
- a chuid Gaeilge a shaibhriú agus í a labhairt agus a scríobh go cruinn, muiníneach
- taitneamh a bhaint as cumarsáid chruthaitheach agus nuálach a dhéanamh trí Ghaeilge
- féinléirithe trína scileanna litearthachta a dhaingniú
- raon leathan téacsanna a iniúchadh agus a chruthú i meáin éagsúla, ar mhaithe le foghlaim, le taighde, le caitheamh aimsire
- tuiscint agus meas a bheith aige ar litríocht na Gaeilge ar mhaithe le taitneamh agus tairbhe a bhaint as litríocht
- tuiscint níos fearr a bheith aige ar chultúr na Gaeilge agus meas agus tuiscint a bheith aige ar chultúir agus ar theangacha eile
In the junior cycle specifications for Irish, students consolidate and deepen their understanding of Irish. Students are enabled to communicate in an effective, interactive, confident manner in formal and informal settings in the language community. The fostering and development of awareness is emphasised; language awareness and cultural awareness as well as students’ self-awareness as language learners. Junior Cycle Irish seeks to consolidate and develop the skills students bring to post-primary school. Students are empowered to assume ownership of their own learning; an important life skill.
Students are encouraged to:
- use language effectively and confidently, both personally and in communicating with other users in the language community
- use the Irish language in a variety of contexts in the language community
- enrich their Irish and speak and write it confidently and accurately
- enjoy creative and innovative communication in Irish
- express themselves through consolidation of their literacy skills
- explore and create a wide range of texts in various ways, for learning, research, and recreation
- have an appreciation and respect for literature in Irish so that they may enjoy literature and benefit from it
- gain a better understanding of Irish culture and have respect and understanding for other cultures and languages
Físeán / Video