Gaelcholáiste Reachrann

Stair - Oíche Oscailte

Stair - Oíche Oscailte

Stair / History

Tá sé mar aidhm ag an staidéar ar an Stair sa tsraith shóisearach cur ar chumas an scoláire an tuiscint choincheapúil is gá agus na scileanna disciplíneacha agus an t-eolas ar ábhar is gá a fhorbairt chun iniúchadh a dhéanamh ar rudaí a rinne daoine sa saol atá thart agus teacht ar thuiscint níos doimhne maidir le staid an duine. Gheobhaidh an scoláire amharc freisin ar an domhan, agus ar a áit sa domhan, ó pheirspictíocht stairiúil; agus tiocfaidh sé ar thuiscint faoin gcaoi ar mhúnlaigh daoine agus eachtraí an tsaoil atá thart saol na linne seo.

Trí iniúchadh a dhéanamh ar an saol atá thart ó pheirspictíocht stairiúil, forbraíonn an scoláire spéis agus dúil sa stair freisin agus faigheann sé luachanna agus cuir chuige a mhúnlaíonn a thuairim maidir le daoine sa saol atá thart, lena n-áirítear meas ar oidhreacht agus ar a oidhreacht chultúrtha, agus forbraítear ionbhá stairiúil ann, áit a dtugtar breithiúnas ar dhaoine i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair siad agus bunaithe ar luachanna an ama sin.

Cothaítear ómós d’ionracas agus do neamhchlaontacht sa scoláire nuair a dhéanann sé staidéar ar an stair agus bíonn sé ar a chumas féachaint ar cheisteanna ó pheirspictíochtaí difriúla. Cuidíonn an cumas sin smaoineamh go criticiúil leis foinsí faisnéise a dhiancheistiú, cinntí a dhéanamh faoi dhearcthaí a léiríodh, an cumas chun bolscaireacht a aithint san áireamh.

Ar chloisteáil dó na scéalta faoi dhaoine a mhair sa saol atá thart agus ar insint na scéalta sin cuidíonn sé sin leis an scoláire tuiscint níos fearr a bheith aige faoin gcaoi a maireann daoine inniu; agus cuidíonn sé leis an scoláire foghlaim ón saol atá caite agus é ag smaoineamh ar conas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo.

The study of history at junior cycle aims to enable students to develop the necessary conceptual understanding, disciplinary skills and subject knowledge to investigate the actions of people in the past and to come to a deeper understanding of the human condition. Students also come to see the world, and their place in it, from a historical perspective; and understand how the people and events of the past have shaped the contemporary world.

By exploring the past from a historical perspective, students also develop an interest and enthusiasm for history and acquire values and attitudes that shape their view of people in the past, including a regard for heritage and their cultural inheritance, and a sense of historical empathy, where people are judged in the context and values of the time in which they lived.

The study of history instills in students a respect for integrity, objectivity and looking at issues from different perspectives. This capacity for critical thinking helps them to interrogate sources of evidence and make judgments about the viewpoint expressed, including the capacity to identify propaganda.

Hearing and telling the stories of people who lived in the past helps students to understand more about how people live today; and can help students to learn from the past when thinking about how to address the problems of today.

Físeán / Video

Feabh
07 2025
Mionscrúduithe na hAT /an tSS
Feabh
10 2025
Taithí Oibre Bl4
Feabh
10 2025
Seachtain Mhéasúnuithe
Follow us
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelcholáiste Reachrann,
Bóthar Mhainistir na Gráinsí,
Domhnach Míde,
Baile Átha Cliath 13,
Eire
D13 NP52

01 877 0935


Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste Reachrann