Tacaíocht Foghlama
Learning Support
Fáilte chuig an Roinn Tacaíochta Foghlama
Welcome to the Learning Support Department
Tá fáilte chroíúil romhat chuig leathanach na Roinne Tacaíochta Foghlama i nGaelcholáiste Reachrann. Táimid tiomanta do thimpeallacht fhoghlama chuimsitheach agus thacúil a chruthú ina mbíonn riachtanais oideachais breise gach scoláire lárnach inár gcuid oibre. Oibrímid i gcomhar le tuismitheoirí, foireann na scoile, gníomhaireachtaí seachtracha agus na scoláirí féin chun tacaíocht shaincheaptha, ardchaighdeáin a chur ar fáil do gach scoláire.
Welcome to the Learning Support page at Gaelcholáiste Reachrann. We are committed to creating an inclusive and supportive learning environment where the additional educational needs of every student are central to our practice. We work closely with parents, staff, external agencies and the students themselves to ensure that each child receives tailored, high-quality support.
Cad is Riachtanas Oideachais Breise (ROB) ann?
What is an Additional Educational Need (AEN)?
Úsáidtear an téarma Riachtanas Oideachais Breise (ROB) chun cur síos a dhéanamh ar scoláirí a bhfuil breis tacaíochta ag teastáil uathu mar gheall ar dhiagnóis, riachtanas foghlama nó deacracht shóisialta, mhothúchánach nó fhisiciúil. Áirítear leis seo scoláirí cumasacha agus oilte a dteastaíonn dúshlán agus tacaíocht bhreise uathu chun a gcumas iomlán a bhaint amach.
The term Additional Educational Need (AEN) refers to any student who requires extra support due to a diagnosis, a learning difficulty, or a social, emotional or physical challenge. It also includes exceptionally able and gifted students who benefit from additional challenge and support to reach their full potential.
Áiseanna agus Foireann
Facilities and Team
Tá croífhoireann Tacaíochta Foghlama againn i GCR, chomh maith le foireann thiomnaithe de Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS) a oibríonn go dlúth le scoláirí ar bhonn laethúil. Oibrímid i mbealach straitéiseach, tomhaiste agus solúbtha, agus úsáidimid cur chuige difreáilte le tacaíochtaí éagsúla a chur ar fáil:
At GCR, our core Learning Support team is complemented by a dedicated team of Special Needs Assistants (SNAs), who work closely with students every day. We use a strategic, flexible and responsive approach, tailoring our support through the following key models:
Tacaíocht sa Seomra Ranga
In-Class Support (ICS)
Bíonn múinteoir breise i láthair le linn ranganna áirithe chun tacaíocht dhírithe a chur ar fáil. Tá an tacaíocht seo dírithe ar fhorbairt scileanna acadúla, mothúchánacha nó sóisialta, agus tá sí solúbtha de réir riachtanais an scoláire. Déantar monatóireacht leanúnach ar an dul chun cinn agus déantar coigeartuithe más gá.
A second teacher may be present in class to provide targeted support. This model addresses academic, emotional or social needs and is tailored to suit individual students. Progress is tracked and interventions adjusted as required.
Comh-Mhúineadh
Co-Teaching
Oibríonn beirt mhúinteoirí le chéile chun an curaclam a chur i láthair ar bhealach difreáilte. Bíonn comh-mhúinteoireacht ar siúl i roinnt ranganna Gaeilge, Béarla agus Matamaitice ag leibhéal an tSraithe Shóisearaigh, agus féadfar í a úsáid go sealadach i ranganna eile. Cabhraíonn sé seo le mic léinn atá ag streachailt chomh maith le mic léinn ardchumasacha.
Two teachers work together to deliver the curriculum in a differentiated way. At Junior Cycle level, co-teaching is embedded in many Irish, English and Maths classes and may be used in other subjects where needed. This approach benefits both struggling and high-achieving students alike.
Tacaíocht Ghrúpa Ghearrthéarmach
Short-Term Small Group Support
Cuirtear tacaíocht ghearrthéarmach ar fáil do scoláirí a bhfuil scileanna feidhmiúcháin lag acu (mar shampla pleanáil, eagrú, bainistíocht ama) nó a bhfuil dúshláin shóisialta/mhothúchánacha ag cur isteach ar a bhfoghlaim. Bíonn na grúpaí seo beaga, dírithe agus measúnaithe go rialta.
Short-term small group support is provided for students with weak executive functioning skills (e.g., planning, organisation, time management) or social/emotional difficulties that impact learning. These are small, focused groups monitored regularly.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Special Needs Assistants (SNAs)
Oibríonn ár bhfoireann CRS i nGaelcholáiste Reachrann go dlúth le scoláirí, le múinteoirí agus leis an bhfoireann tacaíochta. Cothaíonn siad muinín, uathriail agus dul chun cinn, go háirithe i measc scoláirí a dteastaíonn cúram breise uathu sa lá scoile.
Our SNAs work closely with students, teachers and the support team. They foster confidence, independence and academic progress, especially among students who need additional care and structure during the school day.
Measúnú Leanúnach agus Comhoibriú
Ongoing Assessment and Collaboration
Ní aimsítear gach riachtanas foghlama go luath sa bhunscoil. Tá solúbthacht i GCR chun freagairt do riachtanais nua a thagann chun cinn. Déantar monatóireacht ar fhorbairt gach scoláire go rialta. Má thagann imní chun cinn (acadúil, sóisialta nó mothúchánach), rachaimid i dteagmháil leat chun cruinniú a eagrú agus plean tacaíochta a chur le chéile. D’fhéadfaí measúnú síceolaíoch nó nasc le gníomhaireacht sheachtrach a mholadh más gá.
Not all learning needs are evident in primary school. At GCR, we are responsive to needs that emerge over time. We monitor students’ development and, where a concern arises, we will contact you to arrange a meeting and develop a support plan. If needed, a psychological assessment or external agency referral may be recommended.
Riachtanais Oideachais Speisialta
Special Educational Needs
Seo thíos achoimre ar na príomhthinnis foghlama a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar scoláirí:
Below is a summary of some of the most common learning difficulties that may impact students:
Disléicse
Dyslexia
Is neamhord néareolaíoch í an dhisléicsea théann i bhfeidhm ar chumas duine léamh, litriú agus scríobh go cruinn.
Dyslexia is a neurological condition that affects a person’s ability to read, spell, and write accurately.
Tacaíocht & Eolas:
Dioscalcúile
Dyscalculia
Tá sé deacair ag scoláirí le dioscalcúile uimhreacha a thuiscint agus scileanna matamaitice a fhorbairt.
Students with dyscalculia struggle with working with numbers and developing mathematical skills.
Tacaíocht & Eolas:
Diospraicse
Dyspraxia (DCD)
Bíonn dúshláin ag scoláirí le diospraicse maidir le comhordú gluaiseachtaí, scríbhneoireacht agus eagraíocht laethúil.
Dyspraxia affects coordination, handwriting, and day-to-day organisation.
Tacaíocht & Eolas:
NHEA / Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde
ADHD / Attention Deficit Hyperactivity Disorder
Bíonn dúshláin le haird a choinneáil, suaimhneas a choinneáil nó eagraíocht phearsanta ag scoláirí le NHEA.
ADHD can affect attention span, impulse control, and organisation.
Tacaíocht & Eolas:
An Speictream Uathachais
Autistic Spectrum
Is féidir leis an uathachas dul i bhfeidhm ar chumarsáid shóisialta, ar phróiseáil céadfach agus ar phatrúin iompair.
Autism can impact social communication, sensory processing, and behavioural patterns.
Tacaíocht & Eolas:
Tacaíochtaí do Thuismitheoirí
Parent Supports
Tá sé ríthábhachtach go mbíonn tuismitheoirí mar pháirt lárnach sa phróiseas foghlama. Spreagtar teagmháil rialta leis an bhfoireann tacaíochta. Cuirimid comhairle, cruinnithe pleanála agus treoir ar fáil go rialta.
Parental involvement is essential. We encourage regular contact with our Learning Support team. We offer advice, planning meetings, and ongoing guidance throughout your child’s time in school.
Naisc Úsáideacha | Useful Links:
Acmhainní
Resources
Disléicse
Dyslexia
Leideanna staidéir do dhaltaí a bhfuil Disléicse orthu / Study tips for students with dyslexia
Na 10 leideanna is fearr do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu agus iad ag staidéar / Top 10 tips for students with dyslexia when studying
Uathachas
Autism
Leideanna do túistí cabhrú le páistí leis an Uathachas i rith an paindéim / Autism and the Coronavirus: 20 tips
Resources on ‘General Support for Learning’ for a parent of a child in Post Primary School
Supporting students with Autism
Teenage Resource: Middletown Centre for Autism